Follow Over The Edge on Twitter

Saturday, August 05, 2006

Over The Edge Irish language initiative

Cuirfidh Over the Edge, sraith imeachtaí liteartha a bhfuil cáil uirthi i nGaillimh agus tóir dá réir, tús le sraith ar leith imeachtaí liteartha Gaeilge, ag tosú ag Over the Edge 31 Lúnasa. Léifidh an file Louis de Paor saothar dá chuid an lá sin. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí a scríobhann i nGaeilge agus ar mhaith leo léamh ag ceann d'imeachtaí Over the Edge a saothar a chur faoi bhráid Over the Edge. Toisc gurb í aidhm Over the Edge spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí atá ag tosú amach, tá Kevin Higgins agus Susan Millar DuMars, an lucht eagraithe, ag súil le teagmháil a dhéanamh le scríbhneoirí Gaeilge nár foilsíodh saothar leo fós.

Is é an t-iriseoir agus an scríbhneoir Alex Hijmans a dhéanfas comhordnú ar shraith Gaeilge Over the Edge. Ba cheart do scríbhneoirí ar suim leo a gcuid próis nó a gcuid filíochta a léamh ag an tsraith seo a saothar a chur faoi bhráid Over the Edge ag 3 Bóthar Cairbre, An Caisleán Nua, Gaillimh. Beidh an chéad cheann de na léamhanna Gaeilge mar chuid de shraith imeachtaí Over the Edge i Leabharlann Chathrach na Gaillimhe, ar Shráid Aibhistín, Déardaoin an 31 Lúnasa, ag 6.30. Beidh an file Dolores Stewart agus an scríbhneoir próis Colm Brady ag léamh i gcuideachta Louis de Paor.